School: Bó Ros (Bouris)

Location:
Glenbaun, Co. Mayo
Teacher:
Breandán Ó Lionáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bó Ros (Bouris)
  2. XML Page 223
  3. XML “Ciníocha Móra an Cheantair”
  4. XML “Brún - Tiarna Shligigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Béal Átha an Ríogh, is gur dhíbir siad na saortha a bhí ag tógáil (?) an bhaile ath-uair. Gabhadh a n-athair mar gheall ortha, readh (?) anonn go Lonndan é agus tugadh suas a chuid caisleán Sydney (?). Bhí ríméad ar an bhfear groidhe sin an t-athair, 'na Iarla, a bheith i ngreim aige in áit "two beggarly Bastard (?) boys". Cailleadh an sean-fhear thall i 1582.
    B'fhurust ceann a chur ar Bhúrcach Mhaigh Eó, nó Mac (?) Uilliam Íochtair, mar tugadh air. Séard adeir Sydney (?) faoi:-
    "He was very sensible, though wanting the English tongue, yet understanding the Latin. He desired to repress (?) Irish extortion and expulse the Scots." Bhí sé sásta dúthaigh (?) a bheith aige ó'n Rí go díreach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Brún - Tighearna Sligigh: Sasanaigh a tháinig anall in aimsir Eilíse a bhí in a bhunadh seo. Fuaireadar deóntas (?) dúthaighe talmhan thimcheall ar chósta Cuain (?) ag síneadh 10 míle isteach ó chladach tar éis Planndála Chonnachta. Ba díobh seo Donnchadha na (?) Rópa, an tÁrd-Seiriam a rinne oiread sin crochta tar éis eirighe-amach 1798. I n-aice le Achadh Fhóbhair a bhí comhnuidhe (?) air agus is gearr ó réabadh a chaisleán.
    An t-Athair Padhraig Mac Aodha a bhí in a Shéiplineach in Achadh Fhobhair tuairm 1920 a bhain na linndéir agus na géill as na doirsibh agus na fuinneógaibh le h-aghaidh -ach (?) nua do'n Séiplíneach i bparóisde Achadh Fhobhair. Bhí gaol ag an dream seo freisin le Valentine Brún
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish