School: Bó Ros (Bouris)
- Location:
- Glenbaun, Co. Mayo
- Teacher: Breandán Ó Lionáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bó Ros (Bouris)
- XML Page 209
- XML “Aithrí Sheáin de Barra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá an corp seo sínte go stuamdha,Tobac is píopaí leagtha ar a uachtar,Tá na mná óige i ndeóir ar a ngruaidh leo.Tá na mná aosta 'na suidhe go stuamdhaTá an t-anam bocht ar thóirigheacht an eolais i mbóithrín an chruadhtainÉistidh liomsa agus innseeóchaidh mé sgéal díbh'Sé (?) 'n trí nídh tá leis an anam a dhaoradh -Magamhlacht, Fáthamhlacht, agus bréaga.Is ó, a Mhuire Bheannuighthe, is malluighthe an sgéal é.
I mbóithrín (?) dubh, dorcha, casadh aréir méBhí sin rómham ann - an-spirid na láimhe cléitheBhí cíléár braithlis aige d'a fhuaradhAg súil le m'anam bocht féin a shloigeadh is a ampladh in éinfheachtIs ann a bhí nidh eile is mó bhí ag déanamh bróin domMar a bhí, na trí maistíní móraAn ceann ba lugha, is ní an ceann ba mhó é'Sí (?) a shúil mar an Bhruidhean Caorthann,Nó coinneal ar Thamhnach Sléibhe Ag súil le m'anam bocht féin a shloigeadh is a amplú in éinfheacht
Is ann abhí nidh eile is mó a bhí ag déanamh bróin domMar bhí na trí teinnte móraAn ceann ba lugha, is ní an ceann ba mhó éBa mhó é ná trí mhíle cruach mhóna'Gus ná Sliabh Fiollán - cé go mba mhór é.(continues on next page)