School: Bó Ros (Bouris)

Location:
Glenbaun, Co. Mayo
Teacher:
Breandán Ó Lionáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Bó Ros (Bouris)
  2. XML Page 205
  3. XML “Tobar Phádraig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá Tobar Phádhraig - nó a lorg, ba cirte a rádh - suidthe ar thalamh Phádhraig Mhic Oireachtaigh i bFuirreagad, míle ó dheas de'n sgoil.
    Tá sé suithe i bpáirc ar a dtugtar " Páirc a 'Mhiolla ", mar gheall ar an sean-roilig le h-aghaidh gasúr óga ar a dtugtar " Miolla ". Tá sé ag bun an chnuic agus ar bhruach an phortaigh. Bíodh dhá sgeich mhóir, ceann ar gach taobh, ag béal an tobair, acht níl ann anois acht ceann - an ceann atá ar thaobh ó dheas. Bhíodh balla cloch thimcheall ar an tobar ag osgailt ar an taobh thoir, acht tá sé tuitthe anois, nach mór. Bhí urlár leac ar an tobar ó'n mbéal (?) go dtí n'a dheireadh.
    Ní tugtaoi an turus lá ar bith áirthid, acht, de réir mar a chloisim, an lá a b'fhearr a d'fheileadh do'n duine. Is ag iarraidh leighis dho dhaoinibh agus dho bheithidhigh (?) a bhéádh tinn a tugtaoi an turus.
    Ar an gcoirnéal thoir-ndeas de'n roilig, ar thaobh an cnocáin tá cárnán cruinn cloch ar a dtugtar " an Altóir ". Is ag an altóir seo a thosuightí an turus. Bhí cúig cinn déag de chlochaibh cruinne dúirlinne, (?) is chomh mór le dorn dhuine, leagtha ar an Altóir. Shiubhladh an duine 15 uaire thimcheall an tobair, abruigheadh sé " Ár n-athair " agus " Sé do Bhetha Mhuire " gach uair a dtéigheadh sé thart, agus chomhairidí na h-uaireannta le na clocha ar an altóir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Patrick (~489)
    Language
    Irish