School: Bó Ros (Bouris)

Location:
Glenbaun, Co. Mayo
Teacher:
Breandán Ó Lionáin

Filter stories

Back
/ 227 Forward
Resolution: Low | High
Bó Ros (Bouris) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

TURUS PHÁDRAIG

I gCONNDAE MHUIGHEÓ

Ar fágháil Cill Bheinionn do Naomh Pádhraig thug sé aghaidh ó thuaidh thrí Cill Fhóbhair agus Domhnach Phádhraig go dtí Cill Mheádhor(?) As sin chas sé siar thar Conga go dtí Mám. An chéád tuarisc eile a fáightear air bhí sé ó thuaidh de'n Ródhba agus Loch Measga. Tháinig sé anoir idir Loch Measga agus Loch Carra, thrí Bhaile (?) Uí Bhúrca go dtí Achadh Fhóbhair. As sin, lean sé de anoir go dtáinig sé go bárr na Cruaiche, an áit ar chaith sé dhá fhichead lá agus dhá fhichid oidhche an Charrghaois, ag trosgadh agus ag guidhe Dé, agus ag déanamh a anama.

Language
Irish

CRUACH PHÁDHRAIG

Ag an am sin ní Cruach Phádhraig an t-ainm a bhí ar an gcnoc úd, acht Cruachán Aigle: Agaill an t-ainm ar bhí an dá bharúntacht seo an uair úd - Agaill na gCroc ar an taobh seo de'n chuan agus Agaill Réidh ar an taobh thoir agus taobh thuaidh (?). Tharla gurb é an cnoc áirthid seo an ceann a b'aoirde ann. Tugadh Cruachán Aigle air. Is tar éis cuaird Phádhraig a h-athruigheadh an t-ainm go dtí Cruach Phádhraig.
Nuair a bhí an Carrghaos caithte ag Pádhraig tháinig deamhain i bhfuirm éanacha dubha ag cur (?) air, acht bhuaidh sé ortha le teann paidreóireachta. Ar ndóigh bhí Dia buidheach dhe annsin agus chuir sé aingeal go dtí é (?) len a mhian a thabhairt do. Tá sé ráidhte gurb é an(?) a d'iarr Pádraig nach gcaillfeadh muinntear na h-Éireann an creideamh fíor go deó, agus é féin a bheith 'na bhreitheamh ortha Lá an Bhreitheamhnais mhóir

(continues on next page)
Language
Irish