School: Bó Ros (Bouris)
- Location:
- Glenbaun, Co. Mayo
- Teacher: Breandán Ó Lionáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cúige Chonnacht go geniearálta
Co. Mhuigheó, Barúntacht Muirrisc agus Barúntacht Umhall go grinn.NA CÚIGÍ
Bhí Éire ceaptha amach 'na cúigibh i bhfad roimh aimsear Phádraig.
'Sé an chéád roinnt a rinneadh ar an dtír Leath Chuinn - an chuid atá ó thuaidh d'Eiscir Riada - agus Leath Mhogha ó dheas dhe. Annsin roinneadh an tír 'na Cúig Cúigibh - Connacht, Uladh, Mumha, Laighean Thuaidh ( nó Cúige na Midhe), agus Laighean Theas. Tá a fhios againn ó'n stair (?) go raibh Rí, nó Flaith, ar gach cúige aca sin, agus go raibh Rí Midhe 'na Árd Rí ar an tír ar fad, a bhain cáin de na Ríghthe eile go léir.Le linn N. Pádhraig bhí seacht Ríoghachta in Éirinn - na cúig cúigí, agus dhá ríoghacht eile i gCúige Uladh mar bhí Aileach agus Airghialla - , acht níor mhair an dá ríoghacht sin.Ba é SIR HENRY SIDNEY a cheap amach na CONNDAETHE sa bhliadhan 1569, leis an tír a smachtú ní b'fhearr, acht bhí na BARÚNTACHTA ceaptha amach ag na Normánaigh i bhfad roimhe sin. Roinneadh an talamh atá anois faoi Co. Mhuigheó amach in a dheich mBarúntacht. Barúntacht Borrus Umhail atugadh ar an gceanntar atá ó thuaidh de Cuan Módh agus ag síneadh soir chomh fada le Acadh Fhobhair, agus Barúntacht Muirrisg ar a tugadh ar an taobh seo i bhfeis.(?) Is leis an bharúntacht is mó a bhéás muid ag pléidhe.