School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Location:
Westport, Co. Mayo
Teacher:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 191

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 191

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Page 191
  3. XML “Cathair na Mart”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I gConndae Mhuigheo, ar imeall thiar na h-Éireann atá Cathair na Mart suidhte, beag a' thuairim a bheadh ag duine ar bith a bhreathnochadh ar an mbaile indiu, ar an gcaoi 'na rabh sé i dtúis na 18mhadh aoise.
    Baile breágh anois é, gan aimhreas ar bith, sráideanna slachtmhara deaghchumtha, abha dheas ag rith tríd, crainnte a chuireann maise ar an áit ag fás ar gach taobh de. Teach an Phobail ann nach bhfuightheá á sháru i bparáiste ar bith i n-Éirinn; ceithre scoltacha ann, Scoil na mBan Righalta, Scoil na mBráthar, Scoil na bProtustúnach agus an Cheárdscoil. Tá trí monarchain ann, monarcha snáithe, monarcha éadaighe olna agus monarcha bróg.
    Sé míle taobh thiar de'n mbaile seasann Cruach Phádhraic go maordha dána, a cora ar imeall na trágha agus a ceann, ar a bhfuil séipéal beah, caillte i measc néalta neimhe. Ba annsin a rinne Pádhraic Naomtha urnaighthe agus troscadh, á iarraidh ar Dhia nach gcaillfeadh muinntir na h-Éireann an creideamh go deo. Taisbeántar loch, Log na nDeamhan, ar éadan na Cruaiche, gur dhíbrigh sé na deamhain isteach ann.
    Tá neart scéalta faoi'n mbealach na bhfuair Cathair na Mart a ainm. Deireann ceann acu go bhfuair sé an t-ainm sin mar ba nós ag muinntir an cheanntair na beithidhigh uilig a bhailiú isteach sa " Chathair " dá mbéadh treabh eile nó namhaid ar bith 'ghá n-ionnsuidhe.
    Tá an baile beag Muirisc faoi scáth na Cruaiche agus ar imeall an chuain. Ceithre céad bliain ó shoin fearadh cath millteach annsin idir na Fomóraigh agus muinntir Neimhidh. Scathamh gearr i n-a dhiadh sin sheol cabhlach Mhanannáin isteach i gCuan Módh. Bhí torc fiadhain ar cheann de na h-oileáin agus scaoil fear a bhí aige, dárbh ainm Cuilinn, a gcoin i n-a dhiadh. Thoisigh an fiadhach ach d'éirigh leis an torc iad go léir do bháidheadh i loch taobh thuaidh de chonndae Mhuigheo. Tugtar Loch Con air ó shoin, agus Loch Cuilinn ar cheann i n-aice leis 'nar báidheadh Cuilinn féin.
    Is i Muirisc, a deirtear, a tóigeadh Méadhb, bainrioghan Chonnacht. Thug sí cuid den cheanntar do Aengus óg, mac an fhir a thóig an dún cáileamhail i n-Oileán Árann. Bhronn Aengus na h-oileáin sa cuan ar Mhódh, taoiseach d'á chuid fhéin. Uaidh sin a fritheadh an t-ainm, Cuan Módh.
    Ghabh Clanna Míleadh an áit sa cúigeamhadh aois. Ba ag an am seo a tháinic Padraic Naomhtha an bealach. Bhunuigh sé teamapll ag Achadh Fhobhair (Gort a' Tobair). D'fhág sé Seanach Naomhtha ar a dtugtaí " Uan Dé " mar easbog san áit. Tá túr cruinn nó cloigtheach san áit seo, agus cuid mhaith de ag seasamh go maith. Tá leabhaidh Pádhraic i ngar don gcloigtheach. D'imthigh Pádhraic siar annsin gur bhain sé an Chruach amach, uaidh sin d'imthigh amach, deirtear, go h-oileán ar a dtugtar anois Cathair Phádraic nó Cathair na Naomh. Ta sé mar nós go fóill ag na h-iascairí na seolta a ísliú nuair a bhíonn siad i bhfogus don oileán sin.
    Ba sa mbliain 812 a tháinic na Lochlannaigh de'n gcéad uair go dtí an taobh seo tíre. Níos éirigh leo a tigheacht i dtír, ach fiche bliain i n-a dhiadh sin tháinic plódh mór díobh agus chuir cuid mhaith acu fútha fá'n gcósta. Ta an sloinne Mac Shitric go fairsing thart ar Chathair na Mart.
    Ba iad muinntir Chobhthaigh bhí i gceannas na h-áite san 11mhadh aois. Tháinic clann Uí Mháille agus muinntir Chonchubhair 'na dhiadh. Thoisigh na Normannaigh ag brúghadh isteach. Bhí easaontar idir na Máillig agus muinntir Chonchubhair agus ní dhearna tréaniarracht le na Normannaigh a ruaigeadh. Thóig na Normannagh caisleáin láidre annseo 's annsiúd ar fud an cheanntair. Ba iad na Búrcaigh na Buitléirigh muinntir mBreatain mBig ba thúisce a chuir fútha taobh tíre seo. D'éirigh leis na Máilligh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Conall Óg