School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Location:
Westport, Co. Mayo
Teacher:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Page 156
  3. XML “Seán a' Laindéir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    diabhal go dtiocfaidh ar ais arís agus ní imreoc' tú orm. Bhí go maith ' s ní raibh go h-olc, d'imthigh leis. Ar chuma ar bith tháinic an lá aríst go rabh an t-am istigh. Shiubhal an diabhal isteach go dtí an gabha. "Bhfuil tú réidh?" ar seisean. "Bí ann". Táim" arsa Sean. Dhún siad an doras agus chuaidh siad t'ann' (?) "Siubhal uait liom" ars an gabha go bhfaighidh mé slán ag mo shean-bhean. Tá go maith ars a ' diabhal. Gluais leob go dtí an teach agus tháinic siad isteach. Leag an gabha cathaoir anuas agus suidhe an diabhal ann, ach ní túisce bhí sé sin déanta aige, dubhairt an gabha "Greamuigeadh do thóin don gcathaoir agus an cathaoir do'n talamh".
    "Tá sé déanta agad" ars an diabhal. Is dona an comharsa liom-sa thú ach ar chuma ar bith sgaoil as seo mé agus tiubhraidh mé 7 mb eile dhuit. Bhí go maith is ní raibh go h-olc, ghluais leis an diabhal agus ni raibh bród mór air ag imtheacht. "Ach chuimhnigh a gabha, nuair tiocfas mé arís ní imreoc tú arís orm. Bhí ag éirighe go breágh leis an gabha i rith an ama, chuile rud aige a theastuigh uaidh. Shiubhail an diabhal isteach arís nuair bhí an t-am caithte. "Bí a...go beó, a Sheáin a deir sé, tá bealach fada romhainn. "Margadh gníomh margadh" ars an gabha ach bhfuil goir ar bith go leigfidh tú go dtí an teach mé le culaith éadaigh níos fearr a chur orm". "Tá tú sathach ceart" ars a' diabhal. Is gearr gur trom leat iad. Gluais leob beirt. Chuaidh siad thar teach ósda. "Tá sgilling ins an teach ósda sin orm" arsa (Sean?) Ba mhaith liom é íoc agus níl aon sgilling agam . Rinne an diabhal sgilling de féin. Cuir Seán .... isteach ina sparán agus dubhairt leis a ' diabhal "Tiubhraidh mé thú ag a gcéardchain agus beidh mé a' gb. ..d'órd ort nó go ndéanfaidh mé píosa beaga díot. D'imthigh Seán agus leig an sgilling ar an inneoin agus thoisigh ghá bhualadh. Thoisigh an diabhal a' beacadh. Leig amach mé, a Sheáin agus beidh mé réidh leat go bráthach. Leigeadh amach é agus d'imthigh leis.
    Sgathamh fada 'na dhiaidh sin cailleadh Seán agus d'imthigh go dtí na Flaithis. Bhí Peadar roimhe ag an ngeata. "Imthigh leat, a Sheáin "Níl spás duit annseo". "Dona go leor " ars Seán "bhfuil áit ab...in-aon áit le m aghaidh. "Imthigh leat go h-ifreann agus ghlacfar ann thú. D'imthigh sé go geataí Ifreann agus d'innis sé a sgéal. "Cé h-ainm agus sloinneadh thú" ars fear a ' gheata. D'innis Seán dho iad? Fan annsin ars diabhal a ' gheata. Chuala mé fút, Caithfidh mé innseacht do'n Phriomh-fhear go bhfuil tú annseo. Rúpa an caipin Dr...u ainm an thaoisigh sa chuid seo. Nuair chuala Rúpa go rabh Seán tagtha, sgread sé amach. Coinnigh amach é, Ná leig isteach é, Chuir mise aithne air cheana, Dún na geataí go beó, Dibir go beó é. "Cá ngabhfaidh mé "arsa Seán."Imthigh leat ar fud a domhain agus a déanamh athrighe go lá a' tSéibhe agus bfhéidir go mbeidh na Flaithis saothruighe cogad....agus seo dhuit lampa agus beidh solas maith air ghad threorú annseo agus annsiúd. Tiocfaidh leat daoine a chur amú leis. Feicfeadh tú Seán a ' Landéir go minic a ' siubhal ins na Portaigh agus go speisialta I gConamara.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Collector
    C. J. Ó hAoláin
    Gender
    Male
    Informant
    Seáinín Shéain Ó Flaitheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway