School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart

Location:
Westport, Co. Mayo
Teacher:
An Br. C. J. Ó Haoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0138, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
  2. XML Page 154
  3. XML “Seán a' Laindéir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Gabha bhí ann. Bhí sé bocht agus bhí sé canntalach agus .... ag ól chuile uair 'bhiodh an deis aige. Sé an méid curam bhí air an tsean-bhean agus nígo sásta bhíodh sé féin agus an tsean bhean le chéile. Bhíodh an gabha sa mhilleán uirí go mbíodh sí a caith ' na bpingneacha air, ach lá amháin bhí an gabha ag obair ins an gceardcain agus ní raibh sí sásta go maith an lá céadna. Bhí tart air agus ní raibh aon phingin aige a stopfadh an tart céadna. Shiubhal fear isteach go dtí é. D'fiafruigh sé de "bhfuil tú a déanamh go maith?". "Ní raibh mé ariamh níos dona go indiu" arsa an gabha. "Tá tart orm agus ní féidir liom mo bhéal a fhliuchadh". Ní fada a bhéas tú mar sin má thóigeann tú mo chomhairle. Tiubhraidh mise gach rud dá dteastoch uait ach go ngeallfaidh tú dhom gur liomsa thú i gceann 7 mbliadhain". Is tú m'fhear arsan gabha, ach cé thú féin?". "Mise an diabhal adeir sé" B'fhéidir gur fear maith thú, ach is maith liom chuid ded' chuid gníomhartha 'fheiceáil sul a sighneálfas mé dhuit. Céard tá tú ag iarraidh ars an diabhal? Tá mé ag iarraidh sgilling a bheith thíos i mo sparán gach uair go h-osclo' mé é agus nach féidir le aon duine rud ar bith a bhéas ins an sparán nach féidir leó baint leis ach mé féin, mar bíonn an tsean-bhean a'tabhairt uaim gach pinghin dá mbíonn agam, agus tá mé bochtuighthe léithe. "Tá go maith" ars a ' diabhal. Bhfuil a' sparán agat annsin? Tá ars an gabha. Osgail do sparán anois agus nuair d'fhosgail bhí rap de sgilling thíos ann. "Anois nach bhfuil tú go maith" ars a diabhal "Is tú an fear is fearr a chonnaic mé ariamh". Anois ars a ' diabhal céard eile atá uait? Tá g... buachaillí a'teacht go dtí mé isteach annseo a' briseadh 's a réabadh, a milleadh mo gcruidhte a bhías déanta. Anois a deir an diabhal "cuirfidh mise deireadh le sin". An chéad buachaill a béarfas greim ar a' órd, abair leis, "Greamuigeadh do lámh do'n órd agus an t-órd do'n talamh". "Déan é sin" adeir a' diabhal agus beidh deireadh leob. Rud a deir a'sean gabha a theastuigheann uaim go géar. Cathaoir amháin atá agam ag baile. Nuair 'tiocfadh mé isteach san teach tráthnóna, tá buachaillí na suidhe san gcathaoir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Language
    Irish
    Collector
    C. J. Ó hAoláin
    Gender
    Male
    Informant
    Seáinín Shéain Ó Flaitheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway