Crith Talmhain i gCluan Cearbháin Tá sé imbéalaibh na sean daoine fós gur thárla crith-talmhan i gCluan Cearbáin breis is 120 blian ó shoin.Seo an sgéal atá faoi, Do bhí sé de nós ins an am ag an sagart an pobul a thógaint amach faoin aeir nuair a thiocfadh lá breágh. An lá áirithe seo bhí misiún ar siubhail i gCluan Cearbán agus agus bhí an pobul agus an sagart amuigh faoin aeir ins an áit ar a dtugtar an "Cearnóg" indiú. Bhí a sheanmóir leath tugtha aige nuair do chrith an talamh thart timcheall ortha agus do lean an craitheadh ar feadh tamaill fada. D'eirigh na daoine ó'n a nglúinaibh agus do bhuail sgammradj agus uthbhás iad acht do' chomharlaigh an sagart dóibh a dul síos ar a nglúnaibh
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »