Cé gur talamh bocht, clocach, sléibhteamhail atá sa ceanntair mar sin feín oibrigheann na daoine go dúthrachtach cruadhógach idtreo is go n-eirigheann leo an méid a chothuigheas iad fhéin agus a gclainn a sholáthair.
Sé an príomh tionnscaol ná feirmeoracht. Cothuigheann chuile feirmeor 3 nó 4 ba ar a chuid talamh chun iad a dhíol agus mar sin gheibheann sé airgead réidh ortha. Cothuightear caoraigh ar na sléibhte agus tá ana chuid airgead lé fághail ó'n a gcuid olna. Timcheall 5 mhíle ó'n mbaile mór - Cluan Cearbán tá mianaighe sloinne ag Doire Garbh; bhí sé seo ghá oibriú go dtí an blian seo caithte agus bhí obair ghá sholáthair ann do bhreis is céad oibrigheoirí.
Geibheann cuid mhaith feirmeoirí a chomhnuigheas cois fairrge, breis brabach
(continues on next page)