Is mó sean-sgéal atá ag na seanáitreabhthóirí sa bparoíste faoín dtobar seo - annseo thíos ceann de na cinn is tábhachtaighe ortha.
Innstear faoi chailín ó Chonnamara abhí in a dall ó rugadh í agus a tháinic ar lorg leigheas go dtí an tobar beannuighthe. Shroic sí an áit ar oidhche an 14adh de Mhí Lughnasa - oidhche roimh lae an Oiltireach - agus d'fan sí in a suidhe ag guidhe irith na h-oidhche.Ar maidin an lae dá'r gcionn fuair sí a radharc arais agus sgread sí amach " Ó cím chuile nídh." Thosuigh sí uirthí ag breith buidheachas do Dhia "Acht a Dhia" ar sí, "má tá baoghal ann ago gcaillfidh mé m'anam de bhárr mo radharc a bheith
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »