CILL GHAOBHAIR
-ainm an pharóiste féin. Comh maith leis seo tá sráid-bhaile beag in aice lé baile mór Cluan Chearbán ar a dtugtar Cill Ghaobhair.
Áit ana shuimeamhail 'seadh é, tá tobar beannuighthe ann ar a dtagann na céadta ar ilthireacht bliantamhail, gach 15adh de Mhí Lughnasa. Déinid stáisiún ann - tré timcealladh an thobhair féin agus paidreacha do aithris, annsin triallaid ar fhothracha sean-mainnistreach atá ann, déinid timchealladh ar sin agus iar sin téighid tré'n sruth atá ag rith cois claidhe agus tagaid arais go dtí an tobair.
Má bruitheann an t-uisce i (?) thagann builgíní aeir ar a bhárr deirtear gur cómhartha é sin go bhuil fabhar fáighte (?) agat le' Dia agus go bhfaighfidh
(continues on next page)