School: Sean-Achaidh (roll number 12887)
- Location:
- Seanachaidh, Co. Mayo
- Teachers: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sean-Achaidh
- XML Page 232
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Thíos faoi tá liosta nó cnuasach de nah hainmneacha atá ar na pluaiseacha, agus na hailpreacha atá san Fhaill...”
(continued from previous page)MAINISTIR:-Cloc mhór amuigh san fhairrge seadh ím, agus í díreach ós comhair na h-áite go dtugtar DRÉIMRE air. Níl fhios ag aoinne cen fá a h-ainmnigheadh é nó cé'n chaoi a bhfuair sé a h-ainm sin. Bíonn an chloc nó (?) an charraig sin báidhte nuair a bhíonn rabarta mara ann.
UAIGH AN TIMTIRE:-Pluais eile seadh í, agus í suidhte san fhaill idir Gobh Dhubh Mhiola agus Gob Chaisil.
UAIGH na gCAORACH:-Pluais eile suidhte san fhaill cheadhna agus is amlaidh gur cailleadh neart caorach san bpluais sin, agus uaidh sin a h-ainm.
CLOCH SIONNAIGH:-Cloch seadh í seo atá suidhte san gCuan Dall ar an dtaoibh clé, agus is amhlaidh go mbíónn sí báidhte nuair a bhíonn láin mara ann agus leis sin bíonn sí an cruaidh a shuidheamh d'aithinn ag an am sin, gurab é sin fáth go bhfuair sé h-ainm.
MUL-RAITHNECnocán no mullach beag seadh é agus é i nDubh Míola sgathamh maith ó Bhéal na Faille i dtreó an talaimh, 'gus neart raithineach ag fás ann - sin é fáth a ainme.- Informant
- Séamus Ó Maolálaigh
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mayo