School: Sean-Achaidh (roll number 12887)

Location:
Seanachaidh, Co. Mayo
Teachers:
Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 230

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Achaidh
  2. XML Page 230
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Thíos faoi tá liosta nó cnuasach de nah hainmneacha atá ar na pluaiseacha, agus na hailpreacha atá san Fhaill...

    Thíos faoi tá liosta nó cnuasacht de na h-ainmneacha atá ar na pluaiseacha, agus na h-ailpreácha atá san fhaill a shíneann ó Ghob Dubh Mhíola (?) (atá suidhthe ar bheál an Chuain Daill ar an dtaoibh dheis) go Gob Chaisil atá suidthe i gCreagán an Líne.
    N.B. Tá "Cuan Dall" díreach ar an dtaobh thuaidh de Sgoil Shean-Achaid.

    UAIGH a' TAIRBH:-
    uchais an-fhada caol seadh an uchais seo, sí an ceann is goire do Ghob Dubh Mhíola. Sé a dubhairt an sean fhear gur bádhadh tarbh ann , agus gurabh uaidh sin ar h-ainmnigheadh é. Ní mhoide (?) gur mar sin athárla, mar bhí an talamh atá buailte leis an bhfaill i seilbh Carson agus do bíodh tréád mór ag fosaidheacht ar an talamh sin.

    UAIGH SHUIBHÁIN NÍ CHUINN:-
    Bhí bean san gcomharsanacht gurbh ainm Siubhain Ní Chuinn dhí. Is amhlaidh gur imthigh sí síos i dtreó na faille lena cuid bó a chruinniú. Bhí ceann des na buaibh ann a bhí an fhiadhain, agus chuaidh sé de sciúir (?) i dtreo na faille, ceád a rinne Siubhán greim a bhreith ar iarbail na bó ag iarraidh í a tharraingt siar, ach b'é a thála nó gur tharraing an bó Siubhan bhocht isteac san ailp san fairrge go bhfuair an pluais an t-ainm dá bhárr sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Maolálaigh
    Gender
    Male
    Age
    78
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cnoc Seanbhotha, Co. Mayo