School: Sean-Achaidh (roll number 12887)

Location:
Seanachaidh, Co. Mayo
Teachers:
Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 201

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 201

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sean-Achaidh
  2. XML Page 201
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá dhá tobair beannuighthe san paróiste seó. Tá ceann í bFál Mór agus ceann i gCáirn. Tugtar tobar Naomh Deirible ar an gceann atá í bFál-mór.
    Tugann na daoine cuairt do's na toibreaca ó'n 29adh lá de mhí an Meitheamh go dtí an 29adh lá de an Meadhon Fóghmhair.
    Téigheann cuid de's na daoine de siubhal cos, téigheann cuid eile ar gluaisteán agus téigheann cuid eile ar rothar. Níor cuala mé gur leigheasadh aoinne acht deireann na daoine go bfuil leigheas ag baint le h-uisge na dtobar sin.
    Ólann na daoine úisge as na toibreaca sin, agus beireann síád uisge abhaile leo mar tá an t-uisge beannuighte.
    Fágtar rud ag an tobar pighinn nó sgilling in onór an naomh athóg an tobar.

    Fúair an tobar atá í bhFál Mór a ainm mar gheall ar cailín a thainig ón áit eile go dtí an áit seó. Do bhí fear ingrádh leithe agus ba mhaith leo í a pósadh. Nuair (-) sí go dtí an áit seó do casadh fear leithe agus d'innis sí a sgéal dó. Annsin do guidhe sí go duthractac gur thuit a ghá suil amach. Ins an áit sin tháinig trí braoníní uisge suas agus ó shoin ta tobar san áit sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Chonnamara
    Gender
    Female
    Address
    Maigh Raithin, Co. Mayo