School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 99

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 99

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 99
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá teampall Chuilm Cille suidhte ar chnocán agus tá sé le feiceál go fóill.

    Tá teampall Chuilm Cille suidhte ar chnocán agus tá sé le feiceál go fóill. Tá iomar uisge coisríghthe ann le fágháil go fóill. Tá gáirdín cloch taobh ó thuaidh de'n bhiolla agus i lár an gháirdin tá cloch mhór agus cros uirthi. I lár an gháirdin tá cloch mhór agus cros in a lár agus tá na daoine ag ceapadh gur teampall a bhí ann.
    Tá cloch mhór eile san áit dar'b ainm Port na Cille tá sí tuairim is cuig troighthe ar fad is sé troighthe ar leithead is níl pictiuir ar bith uirthi acht sgriobhnóireacht agus tá dáta uirthi chomh maith acht no féidir é a dhéanamh amach.

    Ar an Oileán ó Dheas tá cloch mhór suidhte ar chnocán i ngar don fhairrge. Níl sé ró-dhoimhin i dtalamh. Tá sí timceall is sé troighthe ar aoirde is dhá troigh go leith ar leithead. Tá cros innte is cearcal thart uirthi.

    *************************************************************
    Tá pictiúirí na gcloch ar fad le feiceál anois ins na leabhra a sgríobh inghean Mhic Enrí ar sean leacracha na h-Eireann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Antaoine Ó Maoineatháin
    Gender
    Male
    Informant
    Pádhraic Breathnach
    Gender
    Male