School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 8

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 8

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 8
  3. XML “Mac an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    go dtí an áit in a raibh mac an ríogh ag obair ag an tobar agus bhris sé an chloch agus thainic uisce san tobar. Nuair a chonnaic mac an ríogh sin thug sé na málaí airgid dó ar a shon.
    Annsoin d'imthigh siad arís agus stad ní dhearnadar go dtainig sé go teach an ríogh. D'fiafruigh an rí de cá bhfuair sé an t-airgead agus dubhairt sé go raibh neart de taobh thall den abhainn. D'imthigh an rí ar a thóir lá iar na mhárach agus nuair a bhí sé ag dul treasna na h-aibhne. Dfág an fear freastal inntí é agus d'imthigh sé féin.
    Thug an fear óg leis cóiste an ríogh annsoin agus d'imthigh sé go dtí an choill in a raibh na Robálaidhthe. Thug sé tailte dóibh ach an gaduidheacht a tabhairt suas agus thug sé leis ón domhan thoir don chaiptín le pósadh. Thug sé don leas-chaiptín an cailín óg a d'oruigh sé a bheith sa teach roimhe ar a theacht ar ais. Bhí sult agus siamsa i gCaisleán an Ríogh annsoin ar feadh seacht lá agus seacht oidhche. Níor thainic an sean rí ar ais agus bhí an fear óg in a rígh in a áit.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Maolfabhail
    Gender
    Male
    Age
    69
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Mullach Rua, Co. Mayo