School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
Aghleam, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín

Filter stories

Back
/ 158 Forward
Resolution: Low | High
Seacht Suáilce na Maighdine Muire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 67

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An chéad sabháilce a fuair an Mhaidhghean - go bhfuair a h-aon mhac naomhtha an cumhacht sin go bhfuair sí é le n-iomcur.

Molfaimíd thú Iosa agus molfaimíd a coidhche agus molfaimíd bainrioghan na Glóire, an glóir siorruidhe go bhfághaidh an sean agus an t-óg dhá dtainic nó dá dtiocfaidh faoi aghaidh na maighdine. Nach muid atá go h-aoibhinn sólásach agus beannuigheadh Dé in ár dtimcheall ach míle beannacht Dé go bfághaidh aoinneach beó ar an t-saoghal seó a deireas na seacht sabháilce seo. timcheall.
An dara sabháilce a fuair an mhaidhgin go bhfuair a h-aon mac naomhtha an cumhacht go ndeachaidh sé dúil na cíthe. Molfaimíd thú a íosa agus molfaimíd a choidhche agus molfaimíd bainrioghan na Glóire. An ghlóir siorraidhe go bhfághaidh an sean agus an t-óg dá dtainic is dá dtiocfaidh faoi aghaidh na maidhgine. Nach muid atá go h-aoibhinn sólásach agus beannuigheadh Dé in ár dtimcheall ach míle beannacht Dé go bhfághaidh aoinneach beó ar an t-saoghal seo a deireas na seacht sabháilce seo timcheall.

An tríomhadh sabhailce a fuair an mhaidhgean

(continues on next page)
Informant
Bean Úi Seóighigh
Gender
female
Age
80
Address
Aghleam, Co. Mayo
Language
Irish