Cabhair agus tártháil agus trócaire ó mo thíghearna Dia againn. Cabhair gach lá agus támuid dhá iarraidh sacraméad na h-aithrighe agus go gcabhróchaidh Dia orainn agus cuideacht ár n-anam ort a Mhuire ón Tíghearna.
A Mhuire Dhílis agus réalt an eólais do bhriseamar d'gniomh le baois na h-óige ach le linn i dul in aois dúinn na tréigh muidi.
Cuirimíd rómhainn is in ár ndiaidh tú idir sinn agus tuitim in aon cheann do na seacht gcinn peacadh ná in aon spioraid eile dá bhfuil ag iarraidh a dtarrgaint ó Chathair na Glóire. A Mhuire agus a Íosa nar leigheadh leó sinn! Ó a Íosa cheannuigh sinn! A Iosa bheannuigh sinn, is tabhair sinn go flaitheas le bheith ins an nGlóire d'aon mic na h-óige! A Íosa nuair a fheicfeas tú sinn in ár gcriochaibh déidheannacha go bhfeicimíd chugainn an Spiorad Naomhtha i gcoinne ár n-anama Ámén.
Bean Úi Seóigigh as an gCartúr
Seoladh fá láthair-
Each Leím,
Fód Dubh
A h-aois - ceithre scór bl.
Fuair sí chuile paidir a thug sí dom ón a máthair le linn a h-óige. Rugadh agus tógadh í ar an mbaile - Cartúr