Colann chorrach, folach péíste, Nuair a bfeicim tú agus an t-olc agat ghá dhéanamh Nach mairg go mba gcreidfeá Nach dtiubraidh an bás ar a stáid féín thú. Leagfair talam, gaineamh, agus cré ort Béidh do shúla a' dubhadh agus d'chorp a' bhréanu Nach truaigh an sgéal duit Muna dtéighidh d'anam go Flaitheas Dé annsin Colann gan creath, agus tú i lár an chogaidh Nuair a bhfeicim tú agus an bás in do mhogall Agus le olcas do bhéil agus géaracht d'focal Agus ar an meadhon oidhche ní dhéanfaidh tú an obair Agus ní ar d'urnaithe tú i dtosach Corruigh do chos go moch go Afreann an Dómhnaigh Na bí in do bhalbhán marbh ar maidin Nó is gearr go mbí marabhán (? tú.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »