School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 56
- XML “Dán Mhic an Mhinistéir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)méid sin. Tóg sé leis an bhóthar ghlan-réidh mé go ndeachamar go Geataí Fhlaithis. Thainig an Giuistís sin amach chugainn faoí a chlócaibh breaca agus fuair sé daor mé d'réir mo bheatha agus goil sé gur síos in Ifreann a bhí mo leabaidh.
Do thóg sé leis annsin mé go geatai Ifrinn an áit ar sguabadh an ghruaig dá bhaitheas mo cinn ann. An áit a ndearnadh roithléan poll faoi lár mo chuim ann. Ag dul amach dom arís ar an ngeata bhí an diabhal in a sheasamh rómham ar an mbealach. Bhí páipéir dhubha aige agus páipéir bhreaca. Ní raibh nídh ar bith a ndearna mé ó bhí mé in mo leanbh nach raibh sgríobhtha i gclár mo éadain agus in mo aghaidh agus ma mhó ba thréise le mo chás na le mo mhaitheas. Ach ar bheag a ndearna mé ar Aoine Troscaidh bhéinn in mo luaithre millte in Ifreann. Ach beag a ndearna mé ar Aoine Troscaidh bheadh mo chuid fola dórta in mo thimceall agus mo chuid feóla in a luaithreach críon. A Mhuire beannuighthe, sgreadaidh mo croidhe ort. Tógaidh liom arís go geatai Fhlaithis. Thainig an giúistís amach chugam faoí a clócaibh geala. Labhair sé liom de bhriathraibh(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Mhurchadha
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ráth Muireagáin, Co. Mayo