School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 55

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 55

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 55
  3. XML “Dán Mhic an Mhinistéir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá an cholann bhocht so i gcodhladh agus suan uirri, agus solas lasta ar a h-uachtar. Tá na mná críonna in a suidhe go buaidhreamh, agus cailíní óga agus na deóra ar a ngnaoithibh, agus an anam bocht ag dul ar lorg an eólais go bóthar an cruadhcáin. Éistidh! Éistigh! nó go n-inseóchfhaidh mé sgéal daoibh fé na trí nídh is mo peacadh a dhéanamh - Marbhuigheadh, Neamh-gealladh agus breága. Agus nach claoidhte, damanta, peacach an sgéal é.
    Annsoin casadh orm na trí nídh a rinne brón dom mar bhí go deimhin na trí teinnte móra, ba mó an ceann ba lugha acu ná cúig céad déag móna, na sliabh Síongidh gur mór é. Annsoin chonnaic mé chugainn na trí mac tíre móra. Bhí a sula tré lasadh ar nós na gcaorthan, nó mar an coinneal a bhí ar thaobh na sléibhe chun mo anam bhocht a h-alpú agus a réabadh, agus d'fág sin tráth mór ar mo anam bhocht féin mé a chur go h-Ifreann ag fulaint na péine. Annsoin casad orm Mícheál an t-árd aingeal le stuaim a réid-chroidhe agus bhain sé brígh an chroidhe as an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Mhurchadha
    Gender
    Female
    Age
    73
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ráth Muireagáin, Co. Mayo