School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 54
- XML “Dán an Bháis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus iomdha bealach cruaidh, bocht a raibh mé agus tú in-éagró
Tabhair indiu mo mhuinntir fhéin dom,
Agus lucht mo duthrachta ar sgiorrsa an laé so"
"Is tú máighistreas an Chineadh daonndha.
Agus bean impidheach Ifrinn indiu dar léir sin,
Breathnuigh thart ar na Cineadh daondha
Agus gheobhfaidh tú sgriobhtha i gclár a n-éadan
Gach duine dar n-éalodh ar an gceart a dhéanamh
Cúinneóchaidh[?] na Flaitheas agus coisgfridh na séideadh
Buaidhreóchaidh an domhan seo agus duibheóchaidh an saoghal seo
Na h-aingle bheannuighthe ag critheadh i gcreacha,
Le méad na feirge a bhéas le na cineadh daondha.
Annsoin a dtiocfas an Gustal Glórmhar
Béidh Rí gheal na righthe de bhreitheamh leófa
Cainnt mhic Dé go ndéanamuid uilig a choimhlíon
Agus go sgaraidh an tlugad leis an gcruithneacht glórmhar.
Beannacht dé le h-anam na marbh.[Fuaras é seo ó Bhean Uí Mhurchadha, Rath Morgain, Beannchor Iorrais. A h-aois = 73 bl. Gairm-beatha - Feilmeoireacht.
Tógadh í i gCnoc Sean Bó, ar an Muirthid, Chaith sí a saoghal in éis pósadh dí i Rath Morgain, Beanncor Iorruis
Fuair sí na paidreacha agus dánta uilig a thug sí dom ón a máthair, Caitlín Bairead a bhí in a cómhnaidh i gCnoc Sean Bó. Thug sí di iad le linn a h-óige.]- Informant
- Bean Uí Mhurchadha
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ráth Muireagáin, Co. Mayo