School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
Aghleam, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín

Filter stories

Back
/ 158 Forward
Resolution: Low | High
Dán an Bháis

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 51

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Nach ar an mbás ba chóír dúinn smaoineadh
Agus é go fóíll againn ar ndóigh le saothrú
Gach a dtainic ó Ádhamh agus ó Éabh de dhaoine
An t-Sean agus an t-óg gur leis a chlaoidhtear
Bhí mé bréagach, éagach, claointeach,
Is eagal dom féín gur phianta a shaothruighe
Och nach dona mo sgéal is mo laethe criochnuighthe,
Gan ghrásta Dé ná a ghlóír á (?) saothrú
Ní dí-thuigsint ná easbhaidh céille
A bhéirfidhé orm gan áithrighe a dhéanamh
Cuile lá d'ár leigeas cáirde,
Agus seirbhís Dé, sé mo léan, níor dhearnas
A Íosa mhilis a thug dúinn an iodhbairt
Oidhche ar mbaisteadh - tráth a rug tú beó orainn -
Gach gealladh dhá dtugais dá ndéanfainn a coimhlíón
Bhéidhinn in m'Aingeal sa bhflaitheas i méadughadh in glóire.
Thug tú dúinn ár n-iodhbairt ró-ghlan
Gach uair dá dtuitimís arís ár dtógáíl

(continues on next page)
Informant
Bean Uí Mhurchadha
Gender
female
Age
73
Occupation
feirmeoir
Address
Rathmorgan, Co. Mayo
Language
Irish