School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 30
- XML “An Gabhar nach Raibh Ceart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí muilneóir ann uair amháin agus bhí ceathrar mac aige, agus gabhar agus ba mhaith leis an ngabhar féar maith a bheith aige gach lá.
Aon lá amháin chuir an t-athair an mac ba shine amach leis an ngabhar ar fhéar maith agus ins an trathnóna nuair a thainic sé abhaile leis an ngabhar d'fiafruig an t-athair den ghabhar cén sórt féir a bhí aici indiú agus dubhairt an gabhar go raibh sí ceangailte "de bhata i rith an lae ar thaobh an bhóthair. Bhí an t-athair ar buile leis an mac. Bhí sé ag eascaine agus ag mallachtaí nó go mb'éigin dó imtheacht as baile.
Bhí go maith. Chuir sé amach an dara mac an dara lá agus budh é san áit céadna a d'fhág sé an gabhar. Nuair a thainic an gabhar abhaile trathnóna chuir sé an ceist ar an ngabhar mar an gcéadna agus dubhairt sé gur i bpáirc a bhí lán le feóchadáin a bhí sé. D'ionnsuigh sé an(continues on next page)- Informant
- Antoine Ó Catháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Clochar, Co. Mayo