School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)biadh" agus thosnuigh an gasúr a bhí sa teach ag gáiridhe faoi. "A ghasúir" ars an sagart "Cad faoi a bhfuil tú ag gáiridhe?" "Innseóchaidh mé duit" ar seisean, "nuair a dubhairt tú "Altú roimh an mbiadh" chonnaic mé aingeal na láimhe deise ag caitheamh aingeal na láimhe clé isteach sa teinidh". "A gasúir," ars an sagart tá's agatsa a thuilleadh agus béidh tú liomsa anocht."
Maith go leor, nuair a bhí an sagart réidh ghlac sé buidheachas leo faoi'n mbiadh agus taréis a sgíth a leigint d'fás sé slán agus beannacht ag muinntir an tighe agus thug sé leis an ngasúr. D'imthigh leo agus bhíodar ag imtheacht agus ag síor imtheacht go raibh sé in a trathnóna. Bhí teach ar thaobh an bhóthair ar a mbealach. "Anois," ars an sagart leis an ngasúr. "Gheobfaimid isteach leis an oidhche a chur tharrainn". "Ní racaimíd", ar seisean, "mar sin teach Sheáin an Áir agus ní bhéidh le fághail de ar maidin ach an(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Maolfhabhaill
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mullach Rua, Co. Mayo