School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 2

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 2

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 2
  3. XML “Mac an Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhí Rí, bainrioghan ann uair amhaín, agus an lá seo chuaidh siad amach ag siubhal ins na coilltibh. Casadh ortha teach beag istigh ins an gcoill. Chuaidh siad isteach ann, budh an dall glic a bhí in a chómhnuidhe ann. D'fiafruigh an Rí de cén áit sa domhan a raibh an fear ina chómhnuidhe a bheith pósta ag a inghín. Dubhairt an dall glic go raibh sé taobh thall den loch. Annsoin chuaidh an rí abhaile agus an lá in a dhiaidh chuaidh sé feín, agus a chuid fear anonn treasna an locha go dtí an teach. Chuaidh siad isteach ann, agus chonnaic siad an páiste san gcliabhán, agus an bhean ag nígheadh eádaigh. D'fiafruigh sé den mhnaol cá raibh máthair an páiste. Dubhairt sí go raibh sí féin in a mháthair, agus d'iarr sé uirri ansoin é a dhiól ohó. Shocruigh siad an margadh. Thug seisean mála oír di, agus thug sise an leanbh dó. Tug an rí abhaile leis, an páiste. Chuir sé iallach ar an árs. Shluinéir cómhra a dhéanú dó. Nuair a bhí an cómhra déanta aige chuir an rí an páiste isteach ann, agus leig sé amach ar an bhfairrge é.
    Thainic an cómhra i dtír in aice muilinn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Maolfabhail
    Gender
    Male
    Age
    69
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Mullach Rua, Co. Mayo