School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 145
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 145
- XML “Naomh Dairibile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rugadh Naomh Dairibile i nGort a'Culainn i sléibhte Partraidhe san taobh ó dheas de Chonndaé Mhuigheó. Mhair sí ins an séamhadh aois, mar casadh í féin agus Naomh Colm-Cille ar a chéile ag Comhdáil na h-Eaglaise i mBéál-Easa-Dara i gConndaé Shligigh san mbliadhain 590.Shiolruigh sí ó Rígh Dáithí an deireadh Árd Rí págánach a bhí san tír. Bhí flaith uasal i ngrádh leithe agus d'imthigh sí ag marcuigheacht ar asal agus níor stop sí go dtainig sí go dtí an Fál-Mór. Nuair a chualaidh an flaith é seo dimthigh sé in a diaidh, thainig sé i luing go dtí an Port-Mór agus chuaidh sé go dtí an áit a raibh an Naomh in a cómhnaidhe. D'innis sé dí chomh mór is a bhí sé i ngrádh léithe. " Céard a fheiceann tú ionnaim, " ar sise, " nuair a thugann tú an oiread sin grádha dom? " " Do dá shúil " arsa an flaith. Ní dhearnaidh sí tada acht an dá shúil a phiocadh amach astí féin agus iad a chaitheadh chuige. Dóbhair nar imthigh an croidhe as nuair a chonnaic sé an rud a bhí déánta aici. D'fág sí slán aige annsin agus d'imthigh sé agus ní fhachtas ar an bhFál-mór ó shoin é(continues on next page)
- Informant
- An tAthair Ó Maolfabhail
- Gender
- Male