School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 136

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 136

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 136
  3. XML “Pisreoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear nach bfuil sé ceart an teach a fhááil san oidhche gan sméaróíd a tabhairt leat mar nach mbeadh na Daoine maithe indhon tada a dhéanamh ortha infhad is a bheadh an sméaróíd leób.

    Deirtear nach bhfuil sé céart ag fear a bheadh ag caitheamh piopa agus maistreamh dá dhéanamh san teach agus cuirtear sméaróíd fá thóin na chuinneóíghe ar fhaitchios go dtiubhradh na Daoine maithe leóbh an t-im.

    Deirtear nach bhfuil sé ceart uisge a chaitheamh amach san oidhche mar go mbíonn muinntir an chnuic taobh agus nach ceart aon deór uisce a chaitheamh leóbh. Má chaithtear amach is ceart a rádh "Seo agaibh, Seo agaibh, muinntir an cnuic, uisge salach fág an bealach.

    Deirtear nuair a thógann duine caca aráin tar-éis é bheith bruidhte gur ceart greim a bhaint de'n chaca ar fhaitchios go dtiubhradh na Daoine maithe leóbh é.

    Deirtear nuair a bhíos bean ag dul go dtí an tobar nó go háit ar bith mar (?) sin gur ceart dí an tlú achuir treasna ar an gcliabhán ar fhaitchíós go dtiubhradh na daoine maithe an páiste leóbh agus go gcaithfeadh siad sean duine éicint in a áit.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Mhaoineachain
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Beag, Co. Mayo
    Informant
    Antaoine Ó Maoineacháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    66
    Address
    Leitir Beag, Co. Mayo