School: Eachléim (roll number 12373)

Location:
An Eachléim, Co. Mayo
Teacher:
Máire Ní Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 115

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 115

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eachléim
  2. XML Page 115
  3. XML “Dán an Toir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    marcaidheacht ar árd eachraibh árda, léimnigh flí agus féásta rómham ar gach bealach. Níor chuir mé suim ar bith san méid sin go bfaca mé gaisgigh an bháis ag cruinniú, an taobh ó thuaidh ag teacht in a mhuirthibh dubha teineadh - an taobh ó dheas muinntir Chríost ag cruinniú - an chómhartha chéast imeasc na n-aingeal agus an Mhaidhgean ghlórmhar dhá dtreórú " is liomsa an rógaire " ar sise leis an ngaduidhe glic. Ní leat an rógaire arsa gaduidhe glic, is liom féin, féin é ar cheart ar bith. Níl a fhios agam arsa Iosa, an bfágfaidh Peadar in a dhiaidh é ? " Níl a fhios agam arsa Peadar, faraoir, faraoir géár! ní aithnighim é ! Annsoin d'ísligh an Mhaidhgean ghlórmar ar a dhá ghlúin mhíne gheala. A mhic, a mhic! adeir sí, nach duit a ghléasadh an cornán luaidh, le a chaol chuma anuas a loisgeadh. Tarraing le do thúrastál, déan truagh mhór don a anam! A mháthair cumachtach ghlórmhar nár dubhairt ariam an droch rud is duit a thabhairt don Flaitheas é. Bfearr dó míle bliadhain eile ag an tor na leath uair amháin in Ifreann salach.

    Fuaras an cuid den dán seo
    ó Pádhraic Mac Guidhir,
    Dubh Thuamba
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Bean Mhic Thaidg
    Gender
    Female
    Address
    Talach, Co. Mayo
    Informant
    Éamonn Mac Taidg
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Talach, Co. Mayo
    Informant
    Pádhraic Mac Guidhir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Dumha Thuama, Co. Mayo