(I)
Ar oidhche cionn an dá lá dhéág
Béidh cuimhne cruinn go h-éag,
Is iomdha milte d'éag
I mbaile, muir, is tír,
Oidhche na gaoithe móire
Oidhche stoirme is dóigheadh
Bhí coillte, croinnte stróichte
Agus obair do na saoir
(II)
Oidhche uailleach sgréachach
Fuaimneach stoirmeamhail gaothach
Is dona an dall nach léighfeadh
Cumhacht an Árd Ríog thuas
An domhan uilig ag géimneach
'Gus an muir le gealt ag léimneach
Ainmhidhthe dúil is éanlaith
Faoí eagla agus faoí uathbhás.
(III)
An talamh ar crith le buaidhreadh
Peacaigh ag sgread is ag uailleadh
Ar feadh na mbeagáin uaire
Do tionsgáil Dia a gnúis
Thug ordughadh uaidh don gaoith-se
Séideadh láidir leithe.
(continues on next page)