Chuaidh fear bocht chuig an aonach lá amháin le muc a dhíol. Ní raibh aige acht cúpla focal bhéarla. Tháinic truir fear cuige agus thosuigh siad ag cheannach na muice i mbéarla. "Bhéarfaidh mé punt duit ar an muic," ars an chéad fear. "Bhéarfaidh mé puinnt is shilling duit," ars an dara fear. "Bhéarfaidh me puinnt stuirling duit," ars' an treas fhear. "Gheóbhaidh tusa an mhuc ars' an fear bocht. "Tá go maith "ars, an ceannaidhe glic leis fhéin. Acht nuair bhí an fear bocht ag fágháil an airgid ní bhfuair sé act puint amháin. "Chá bhfuil an stuirling," ar seisean. Thosuigh an ceannaidhe ag gáiridhe, agus dubhairt sé
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »