School: Cill Mhór Iorruis
- Location:
- An Sáilín, Co. Mayo
- Teacher: Seán S. Ó Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dhá tharbh ar cnoc mhaoileaín ceann san oidhche ceann lá is dob fheídir iad a theacht lé chéile ní bheith an saoghal mar atá?
Freagra, An ghrián agus an ghealach.
Trí cosaí marbh in-aírde agus dhá cosaí beó faoí?
Freagra. Pota os cionn cloigeann fir. Chaith mé suas é chomh gheal lé sneachta agus thainig anuas chomh buidhe lé ór?
Freagra, Ubh.
Fear thart anoir, fear thart aníar fear innsigheann sgéal gan bíadh gan fuil?
Freagra. Leitir.
Giorán sceadáilte babáilte donn, shiubhalfadh sí Éire is ní fhliuchfadh sí a bun?
Freagra, Beach.
Is gile ná an t-íasg é, is(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Oireachtaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Chrois (Wallace) Thiar, Co. Mayo
- Informant
- Máirtín Mac Oireachtaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Chrois (Wallace) Thiar, Co. Mayo