Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mayo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhloch
- XML Leathanach 442
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amháin agus níor soillsígh sé ariamh ó shoin ann? Fr. An íochtar na fairrge deirge.
Cé'n áit ar ghlaoidh an coileach nuair a chuala gach duine sa daomhain é? Fr. San airc.
Céard é an crann is aoirde sa domhain. Fr. Crann na foighde.
An rud nach raibh ariamh agus nach mbeidh go bráthach féach ar do láimh agus feicfhíd tú é. Fr. Níl ná cúig méaracha cothrom.
Tuige a bhfuil sgadán mar roilic? Fr. Tá sé líonta lé cnamhaí.
Céard iad na trí ruda i is géire radhairc? Fr. Súil cat i ndiaidh luiche súil saoir i ndiaidh cloiche agus rúil mná a ndiaidh bean-a-mic.
Cé aca de na trí neartanna seo is laidre? Neart uisge neart námhad aige neart teineadh. Fr. Neart uisge. [?] múchann an t-uisge an teine agus báitheann sé an namhaid.
Sean duine beag bocht agus a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Gacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Gacháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mayo