School: Dubhloch

Location:
Dumha Locha, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 427

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 427

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhloch
  2. XML Page 427
  3. XML “Clocha Cruacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Le clocha cruacha a ímirt caithfidh tú cúig méaróg ar aon tuirt[?] a fháighail. Sé "cúl lámh" an chéád rud a imrigheann tú agus leis sin a ímirt caithfidh tú na clocha a thíontú ar do láimh agus an méid a thuicears[?] a cheapadh. Sé "sgapadh" an chéad rud eile agus caithfidh tú ceann amháin a thógail agus na ceithre cinn eile a cheapadh leis. "Cúpla beaga" caithfhidh tú na clocha a sgapadh ceann amháin a thógail dhá cheann a thóghail le chéile agus ceann gach úair don dá cheann eile. "Cúpla Móra" tóigeann tú ceann amháin agus ceapann tú dhá cheann le chéile don dá úair eile."Clár cuinneóg" dún dó láimh nuair a bhéas ceithre cinn cuirthí isteach ann agat agus fág ceann ar a mbárr caith súas an ceann atá ar bhárr agus ceap na cinn eile. "Smeach" sgap na clocha agus tóig cloch amháin agus déan torn leis na ceithre cinn eile. "Róibín" déan líne do cheithre cloch agus ceap le ceann amháin iad gan aon torn a dhéanamh. Sin cluiche amháin críochnuighne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Sighle Ní Chearbhalláin
    Gender
    Female
    Address
    Dumha Locha, Co. Mayo
    Informant
    Sighle Bean Uí Chearbhalláin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    41
    Address
    Dumha Locha, Co. Mayo