Sean-fhear i n-a sheasamh le balla
Itheann sé gach a bhfaghann sé
acht ní ólann sé uisge.
(Teine)
Thagann sé isteach ar dhruim na ndaoine agus théigheann sé amach chomh mian le síoda.
(Móin)
Scata muca ruadh ag dul suas i n-aghaidh cnuich
(Drithleóga)
Cosaí fada, muinéal cam, ceann beag gan súl
(Tlú)