School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 264

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 264

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Beannchor Iorrais
  2. XML Page 264
  3. XML “Sliogáin na Mara - Úsáid na nIasc Sin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San earrach pioctar na báirnigh, na dúilicíní agus na faochóga agus bruithtear iad agus ithtear iad mar annlán le fataí. Pioctar as na sligeán iad agus iad(?) bruithte léar mar bhíonns duine gá n-ithe. Nuair a bhíonns baileachán díobh le chéile tugtar "Cruasac" orra.
    San samhradh pioctar na rúacain agus bruithtear iad. Deirtear nach mbíonn na(?)
    rúachain i séasur go bhfhuighidh síad "trí deochanna de sháile an Aibreáin."
    Go minic déantar leath-bhruith ar na h-éisg seo agus pioctar amach as na sligeáin iad. Annsin cuirtear na h-éisg amháin síos áth-úar le bruith a thuilleadh agus annsin cuirtear bainne agus piobar(?) orra, agus roinntear amach an éadáil sin(?) ar phláta. "Maorach" a tugtar ar an annlan sin.
    Nuair a bhíod crap maith de
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micheal Mac Éinrí
    Gender
    Male
    Address
    Bangor, Co. Mayo