School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí

Filter stories

Back
/ 298 Forward
Resolution: Low | High
Gabha an tSoic

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 227

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

I bfhad ó shoin i gChlíath Bhearna i nDún Fhianaigh in-aice le Baile Chaisil i gConndaé Muigheó bhí Gabha in-a chómhnaidhe. Ní raibh gabha ar bith in-ann soc céachta a dhéanamh chómh maith leis. Oídhche amháin dá raibh sé in-dhiaidh obair an laé do chuir isteach tháinig marcach chun an dorais agus d'iarr sé air an gcuirfhead sé crúidhthe ar an gcapall dhó. "Tá sé in-an tráth le dul chun na ceárdchán dhom" arsa an gabha.
"Déanfhaidh mé fhein an obair ma thugann tú iasacht na ceárdchan dom." arsa an marcach.
"Bhéarfad agus fáilte acht rachfaidh mé fhéin leat" arsa gabha an tsuic.
Ghliúis an bheirt acú chuig an gceardcháin. Cuir an strainséar súas na h-iarnacha. Rinne sé na cruidhte agus chuir le bonn iad. Núair a bhí sin déanta aige fúair sé túagh agus bhain sé na cosaibh ó na glúanaidh anúas de'n chapall agus bhain sé na crúidhthe de na cosaí aris. Thóg sé buidéal as a phóca agus bhí cleite ann agus chúimil

(continues on next page)
Collector
Miceál Mac Énrí
Gender
male
Address
Bangor, Co. Mayo
Informant
Padraig Ó hEigeartaigh
Relation
not a relative
Gender
male
Address
Glenamoy, Co. Mayo
Language
Irish