School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí

Filter stories

Back
/ 298 Forward
Resolution: Low | High
Brían Rua

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 204

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí Brían Rúadh Ó Cearabain in Iorrais agus níl sé an-fhada. Bhí sé in-a fhear mheasamhail dóigheamhail agus í ngrádh a cuid chómharsana agus é go dóigheamhail in-a measg. Mheul' bhí bó mháith aige agus dúbhairt sé leis fhéin go gcháithfead sé í a dhíol le h-agháidh airgead a bheith aige le h-aghaidh an Gheimhridh dó fhéin agus da mhuírín. Thíomáin sé an bhó go Criosmhílíona. Ní raibh aon aonach í mBheannchor agus ní raibh aon aonach í mBéal Mhuírthidh agus b'in é an t-aonach ba goire dhó. Thiomáin sé an bhó go Criosmhílíona agus díol sé an bhó ann ar naoí bpunta, trí sgilleacha agus naoí bpinghe. Annsin fúair íochaí ar an bhó agus fuaidh sé isteach í dteach ósta agus bhí sé go moch ar maidín. Fúair sé gloine uisge-beatha ní nach íongad agus dubhairt sé go bhfilleat sé abhaile go h-Iorras arís. Bhí sé ag teacht abhaile go sastaí dhó fein ó Croismhílíona in áit éicint idir Beannchor agus Eistreach in-áit eicínt chonnaíc sé campa

(continues on next page)
Collector
Brighid Ní Gallachobhaír
Gender
female
Address
Darraragh, Co. Mayo
Informant
Brían Ó Corragán
Relation
not a relative
Gender
male
Address
Claggan, Co. Mayo
Language
Irish