School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)
- Location:
- Bangor, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Mac Énrí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Beannchor Iorrais
- XML Page 193
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh lá nach mbíodh a shúil aige ar an bhfairrge ar lorg cosamhlact éisg. Ní raibh corr da gcuireadh éan fairrge na an fhairrge í féin dí nach mbainfheadh sé brigh as. Ní raibh a shárú le fághail le breith a thabhairt ar an aimsir. Bhí sé go láidir cliste freisin ag iománáidheact mar bhí buidhean iomanuidheact sa mbaile sin agus bhí a cháil i bhfod is a ngearr ar éifeacht a bhuille. Trathnóna amháin sa Bhfóghmhar bhí sé ag siubhal go righin smaointeach ar bhárr chladaigh ag breathnú amach sa bhfairrge. Bhí scata cailleich dhubh ar imeall tragha, éinín an scodain ag tabhairt sáthadh síos sa bhfairrge anois agus aris, corr scata faoileán ag snámh leis an tuille agus corr cheann aca ag eitilt in-áirde anois agus aris agus sgréacháil an domhain aca, agus gainéad mór anseo agus annsiúd - ceann ina sheasamh ar Charraig an t-Srotha agus ceann eile ag eiteal go fadálach san aer.(continues on next page)
- Collector
- Micheál Mac Énrí
- Gender
- Male