School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí

Filter stories

Back
/ 298 Forward
Resolution: Low | High
Beannchor Iorrais | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhíodh solas ag na daoine fadó mar seo. Gheibhtí píosa mór de mhaide giumhais ins an log-phortach agus déantí go leór cipíní fada de'n phíosa sin. Annsin leagtaí na cipíní cois na teineadh go n-éirigheadh síad ann-tirm agus cuirtí píosa mór síos i mbuidéal agus tugadh sé sin solas de na daoine san oidhche. Dá mbheadh duine ag léigheamh leabhair lastaí ceann dé na cípíní agus annsin leagtaí ar an mbord é nó cuirtí isteach é i bpoll sa mballa.

Collector
Tomas A. Ríogh
Gender
male
Address
Darraragh, Co. Mayo
Informant
Tomás Mach Suibhne
Relation
not a relative
Gender
male
Address
Darraragh, Co. Mayo
Language
Irish

Ins an Samhradh nuair a bhíodh na daoine ag baint na mónadh agus na maide giumhasaigh a bhíodh ins an bportach leagtaí íad suas ar na crócáin le triomadh. Nuair a bhíodh na giumhasach tirm ins an bhfhóghmhar tógtaí íad isteach go dtí

(continues on next page)