School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí

Filter stories

Back
/ 298 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 142

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sa t-Sean aimsir chuaidh Murchadha Mór agus Murchadha Beag amach lá breágh Fóghmhair ar fud coille agus thanghadar chómh fada le crann mór a raibh sugh chraobh ag fás air. Ba mhaith leo na sugha chraobh a fhághail le n-ithe agus thosuigheadar ag smaoineadh ar an gcaoí a b'fhearr le dhul anáirde fá na ndéin. D'árduigh Murchadha Beag Murchadha Mór suas ar a ghualnaibh gur fhéad sé breith ar ghéig agus siúd in-áirde é annsin le teann strapadóireachta go barr an chrainn.
Thosuigh air annsin ag piocadh sugh chraobh agus gá gcaitheamh anuas chuigh Murchadha Beag agus léir mar bhí siad ag teacht anuas chuige-san bhí sé gá n-ithe. Bhí Murchadha Mór ag soláthair agus é in áirde ar an gcrann gur sháruigh air a thuilleadh a fhágháil agus annsin d'ísligh sé.

(continues on next page)
Collector
Micéal Mac Éinrí
Gender
male
Address
Bangor, Co. Mayo
Informant
Tomas de Búrca
Relation
not a relative
Gender
male
Address
Pontoon, Co. Mayo
Language
Irish