School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí

Filter stories

Back
/ 298 Forward
Resolution: Low | High
Beannchor Iorrais | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

bhíonns néalta móra dubha a' sguabadh treasna na spéire sin comhartha stoirme. Má bhíonn an spéar go glan agus néal beag annseo agus annsiúd sin comhartha ceathanna. Má fheictear tuair-ceatha ar maidin deirtear gurab shin comhartha fearthainne agus stoirme. Má fheictear tuar ceatha san oidhche sin comhartha aimsire maithe. Má bhíonn spéar runnach ann deirtear gurab shin comhartha fearthainne.

I dtús an t-samhraidh má fheictear na Préachain ag déanamh a gcuid nead thus ar bhárr na gcrann sin comhartha Shamhraidh mhaith. Má fheictear iad a' déanamh na nead i bhfad thios ins na crainnte sin comhartha droch Shamhraidh mar bíonn siad ar lorg áite fhasgamhla. Má fheictear scata préacháin ag imtheacht le chéile agus iad ag eitill go h-íseal sin comhartha fearthainne.

Collector
Máire Ní Shuibhne
Gender
female
Address
Attavally, Co. Mayo
Informant
Antoine Mac Suibhne
Relation
unknown
Gender
male
Address
Attavally, Co. Mayo
Language
Irish