School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí

Filter stories

Back
/ 298 Forward
Resolution: Low | High
Beannchor Iorrais | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Nuair a theigheann an grian síos go dearg sin comhartha aimsire mhaith sa Samhradh. Nuair a bhíonns sgálaí ag imtheacht o'n ngréin nuair a bhíonns sí ag dul faoi san tráthnóna sin comhartha droch-aimsire.
Nuair a théigheanns an grian síos go dearg ins an nGeimhreadh sin comhartha go bhfuil sioc ag teacht.

Nuair a bhíonns fáinne ceó thart timcheall na gealaighe úire deirtear gurb shin comhartha go bhfuil fearthainn air.
Má bhíonn an ghealach ag tuitim siar ar a druim sin comhartha fearthainne. Má bhíonn sí ag tuitim amach ar a h-aghaidh sin comhartha stoirme.

Collector
Máire Ní Shuibhne
Gender
female
Address
Attavally, Co. Mayo
Informant
Antoine Mac Suibhne
Relation
unknown
Gender
male
Address
Attavally, Co. Mayo
Language
Irish