School: Beannchor Iorrais (roll number 13684)

Location:
Bangor, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Mac Énrí

Filter stories

Back
/ 298 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí beirt fhear i ngrádh le cailín tráth. Thaithnigh duine aca ní b'fearr léithe ná an duine eile. Gheall an duine a thaithnigh léithe go dtiocfadh sé le na pósadh Dia Domhnaigh acht ní raibh sí cinnte de. Tháinic an fear eile ghá h-iarraidh ar an Luan roimhe sin. Níor mhaith léithe a eiteach ar eagla nach dtiocfadh an fear ar mhaith léithe, agus mheas sí dhul 'un bladair leis le n-a choinneál go bhfeiceadh sí an dtiocfadh a céad grádh agus mara dtigeadh seisean ar an Domhnach mar bhí geallta aige phósfadh sí an fear eile. Labhair sí leis mar seo le n-a choinneál.
"Fan indiu is ná h-imthigh amarach.
Bíonn an Cheadaoin cor,
Agus ní bhíonn an Diardaoin adhmhail
is Gnás go'n Aoine bheith ag cur,
Is ní fiú dhuit imtheacht Dia Sathairn,

(continues on next page)
Collector
Eibhlín Ní Mhaoilearca
Gender
female
Address
Cloontakilla, Co. Mayo
Informant
M. Mac Énrí
Relation
not a relative
Gender
male
Address
Bangor, Co. Mayo
Language
Irish