School: Cnoc a Logha

Location:
Tristia, Co. Mayo
Teacher:
Mícheál Ó Maoildeirg

Filter stories

Back
/ 109 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0133, Page 019

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí rí ann fado agus bhí triur mac aige. Bhí siad in a gcomhnuidhe in aice na fairrge agus bhíodh an fairrge ag teacht isteach ar a gcuid talmhan. Dubhairt an rí leis an mac ba sine claidhe a dhéanamh agus gan fairrge a leigint isteach. Rinne sé an claidhe acht bhris an fairrge é. Annsin dubhairt sé leis an dara mac claidhe a dhéanamh acht theip air. Annsin dubhairt sé leis an mac da boige claidhe a dhéanamh.
Rinne sé claidhe maith mór agus cro beag in aice leis. Nuair a bhí an fairrge ag bárr an claidhe chonnaic sé bád agus céard a bhí istigh ann agus bhí sí glas. Tháinig sí amach as an mbád agus chuaidh sí isteach sa mbotan a bhí déanta ag mac an riogh. As a poca tharraing sí amach cárdai. Dfiafruigh sí de an mbeadh cluiche cárdai aige. Béidh agus failte ars an ngasúr, agus an duine a gheibheas an buaidh deanfaidh sé rud ar bith a n-iarrais an duine eile air.

(continues on next page)
Collector
Seán Ó Maoildeirg
Gender
male
Address
Gweesalia, Co. Mayo
Informant
Brigid Ní Graith
Relation
not a relative
Gender
female
Address
Belmullet, Co. Mayo
Language
Irish