School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 469
- XML “An Díleacht Bocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ba dhíol truaigh Seosamh bocht. Do bhí sé gan athair ná máthair acht é d'á thogáil ag colceathair leis, bean chruidh ná raibh cineálta lágach leis. Fá dheireadh d'eirigh sí chomh dian air gur cheap sé gho bhfágfadh sé annsan í agus a fhortún a chuardach amuigh ar an saoghal. Mar sin d'ealuigh sé tuitim na h-oidhche. Do shiubhal sé agus do rith sé go dtí go raibh céad míle curtha dhe aige dar leis. Do bhí sé ag eirghe tuirseach agus níor fhéad sé dul ní b'fhuide. Do bhuail fonn codalta é.
Do stad sé ag doras tighe móir. Luigh sé síos agus thuit a chodladh air. Do thosuigh sé ag brionglóid agus do tuigeadh do go rabhadar le na thógáil agus crónán a chur i n-a cheann nuair dúisigh se te gheit.
Do bhí an mhaidin ann agus bhí bean an tighe mhóir taréis an doras a oscailt agus an gasúr a fhágail ar an gcoiscéim. Do chrom sí síos agus do labhair sí go cneasta leis agus thug isteach go dtí an teine é. Do bhí páistí an tighe i n-a a suidhe fá'n an seo. Do bailigheadar timcheall ar an dileacht bocht. Bhaineadar cainnt as agus nochtiugh sé a rún dóibh. Ghlacadar truaigh do agus(continues on next page)- Informant
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Tip, Co. Mayo