School: Port an Iascaigh (roll number 7903)
- Location:
- Tip, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Ní Shíthigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port an Iascaigh
- XML Page 467
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) Deirtear nach ceart mada a bheith amuigh san oidhche ag coingbheáil na sidheóga ó'n teac.
2) Deirtear nuar a bhíonn an lá ag breacadh gurb shin é an t-am a bhíonns na sidheóga ag dul a chodlad.
3) Deirtear nuair a bhíonn bean ag caoineadh go mbíonn na sidheóga ag gáiridhe fúithi.
4) Deirtear nuair a bhíonn bean ag sníomh go dtosuigheann na sidheóga ag sníomh iad féin.
5) Deirtear nuair a bhíonn duine ag bleaghadh na mbó go mbíonn na sidheóga ag dúil le braon.
6) Deirtear nuair a thuiteann réaltóg as an spéir go mbíonn anam ag dul suas go neamh.
7) Deirtear gur ceart do gach duine a bheith in-a theach féin Oidhche Nodlag.
8) Deirtear gur ceart buidéal uisce coisrigh a bheith taobh istigh d'fhuinneóg i gcómhnuidhe.
9) Deirtear nach ceart bláthanna a bheith os cionn na fuinneóga go mbíonn na sidheóga i bhfolach ionnta.
10) Deirtear go bhfuil an t-ádh ar chárdai.
11) Deirtear nuair a bhíonn cat ag sgreáchaíl go mbíonn sé ag glaodhach ar na sidheóga.
Sorcha Ní Maoldomhnaigh- Informant
- Sorcha Ní Maoldomhnaigh