School: Port an Iascaigh (roll number 7903)

Location:
Tip, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Shíthigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 452

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 452

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port an Iascaigh
  2. XML Page 452
  3. XML “Cloch an Áidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cloch an Áidh
    Bhí Spailpín ag dul abhaile go Connamara uair amháin i ndeireadh an Fhoghmair Tháime. Tuithinn mór báistighe air agus é ar a bhealach dó. B'éigean do dul ar fascadh. Nuair a thriomuigh an uain(?) bhuail sé an bóthar arís acht ba gearr gur tháinig an oidhche air agus é in áit uaignig de'n bhóthar gan teach gan árud i ngar do. Mar bhar ar an donas bhuail an féar gorta é. D'airigh sé a cosa ag eirghe lag faoi. B'éigean do suidhe síos ar thaobh an bhóthair leis an oidhche a leigeann thairc annsan. Cén áit ar siúdh sé acht ar chloch an a. Ní raibh sé acht ina shuidhe nuair mhothuigh sé ré roilleacán ina cheann.
    Do thosuigh an chloch ag casadh timcheall go mall ar dtús acht de réir a chéile mhéadaigh ar an an ngluaiseacht. San am gcéadna léim an chloch fé mar bheadh capall sciathánnach agus d'imthigh sí san aer ar luathas teintrighe, ní raibh an t-aer chomh fuar feanntach agus a cheap sé acht bhí sé ag bualadh go fuar i n-aghaidh eádain an fhir.
    De réir mar sceinn an chloch tríd an spéir tháinic spreacadh in a chuisheachaibh agus misneach ina chroidhe. Dhearc sé thart agus chonnaic sé uisce
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Sorcha Ní Mhaoldomhnaigh
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    Tip, Co. Mayo