School: Port an Iascaigh (roll number 7903)

Location:
Tip, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Shíthigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 429

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 429

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Port an Iascaigh
  2. XML Page 429
  3. XML “An Fear agus an Cat Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    críochnuighthe agus ghluais an fear seo agus fuireann na luinge chu fairrge. Chuir gach fearr rud eicínt san long acht ní raibh ag an bhfear bocht le cur innti acht an cat dubh. Sheól an bád lei agus taréis dóíbh a bheith cúpla seachtmhain ar an bhfairrge tháinig siad i dtír. Chonnaic siad teach mór áluinn tamall geárr ón dtír agus d'imthig na fir uilig fé dhéin an tighe seo. Pálas mór a bhí ann - palás rígh. Thug an Rígh cuireadh dhóibh chun dinnéir. Suidheadar go léir síos chun díunéir agus níorbh fhada gur léim na lucha suas ar an mbord. D'eirigh gach duine ó'n mbord agus bhí brón ar an rígh "Tá mo sháith airgid agam, agus chuile rud a cheannóchadh airgead, acht ni féidir liom rud ar bith a fhághail a chuireadh deireadh leis na luchaibh seo. Tabharfaidh me a sháith airgid go deireadh a shaoghail d'aon duine a thabharfaidh dom rud a mharbhóchaidh na lucha so." "Tá rud agam-sa a mharbóchaidh iad ars an fear bocht agus ta sé agam ann so sa bhád." "Faigh dom é" ars an Rígh. D'imthigh an fear go dí an mbád agus thug leis an cat dubh agus thug do'n Rígh é. Thug an Rígh a sháith airgid dóa gus freisin thug sé mála airgid do gach fear do bhí ar an mbád. D'imthigheadar abhaile golan tsasta lé na gcuaird san áit seo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0545: The Cat as Helper
    Language
    Irish